![Picture](/uploads/2/2/8/7/22870706/8433919_orig.jpg)
Féach céard ’tá i mo bhosca
inniu agus gach uile lá
ceapann mo mham
go bhfuil mé
ag titim síos
Bíonn an bosca lán le ceapairí
agus i gcónaí arán donn
ní ithim féin ach
a leath acu,
is cuma
liom.
Coirnéal eile tiubh le torthaí
bananaí, piorraí agus úll
cairéad i gcúinne eile,
deir siad beirt
le haghaidh
mo shúil.
Dá mbeadh deis ar bith agamsa
bheadh mo lónsa i mo phóc’
milseáin agus barraí
rudaí deasa
ar nós
cóc!
inniu agus gach uile lá
ceapann mo mham
go bhfuil mé
ag titim síos
Bíonn an bosca lán le ceapairí
agus i gcónaí arán donn
ní ithim féin ach
a leath acu,
is cuma
liom.
Coirnéal eile tiubh le torthaí
bananaí, piorraí agus úll
cairéad i gcúinne eile,
deir siad beirt
le haghaidh
mo shúil.
Dá mbeadh deis ar bith agamsa
bheadh mo lónsa i mo phóc’
milseáin agus barraí
rudaí deasa
ar nós
cóc!